Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Tógadh Treasa i nGleann Chualach mar dhuine de naonúr clainne í agus shiúladh siad naoi míle na scoile gach maidin. Chuaigh sí ar scoil Mhín an Chladaigh. Thugadh an múinteoir síob na bhaile di corr uair nuair a bhíodh sé ag cur. A cuimhne ar na laethanta scoile agus na múinteoirí scoile. | 00:02:04 | |
D’éirigh go maith léi sa scrúdú i gColáiste Bhríde agus chuaigh sí as sin go Baile Átha Cliath go coláiste i nDún Carúin ó 1948 – 1950 agus cháiligh sí ina múinteoir. Ba cúpla míle as Bun Cranncha a fuair sí an chéad scoil agus b’áit iargúlta a bhí ann. Ceantar gallda a bhí ann agus rinneadh an teagasc i mBéarla, rud nár shásaigh í. Bhí droch áit aici le fanacht fosta. Ba £4-4/ an chéad phá a fuair sí. | 00:09:56 | |
Chaith sí dhá bhliain sa scoil i mBun Cranncha ansin go dtí go bhfuair sí scoil eile i gCreamhghort ó 1953 – 1956. Pósadh in 1956 í féin agus James ach bhí cosc ar mhná teagasc i ndiaidh a bpósta san am. Thug an sagart Mac Maoláin cead do Threasa teagasc léi i scoil an Ghleanna i gCarraig Airt. Bhí Treasa ag teagasc sa scoil sin gur éirigh sí as. Bhí an chuid is mó den teagasc déanta i nGaeilge. | 00:09:17 | |